An Ghaeilge

an-gaeilge

Baineann an Ghaeilge leis an gcraobh Cheilteach de na teangacha Ind-Eorpacha, lena n-áirítear Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais, Gaeilge Mhanann, an Choirnis agus an Bhriotáinis. Ceaptar gur tháinig an Ghaeilge go hEirinn ar dtús idir 1200 agus 200 RC.

Is i bhfoirm Oghaim atá an scríbhneoireacht is luaithe atá againn i nGaeilge, inscríbhinní a thagann ón gceathrú aois RC.

Bhíodh Gaeilge á labhairt ar fud oileán na hÉireann tráth, ach baineadh an bonn de stádas na teanga trí mheascán de thosca sóisialta, eacnamaíochta agus polaitiúla.

Is i nGaeilge atá an litríocht dúchais is sine san Eoraip le fáil, agus i saol an lae inniu is féidir an teanga a fheiceáil agus a chloisteáil ar an teilifís, ar an raidió, i nuachtáin, in irisleabhair agus ar an Idirlíon.

Athrú
Tá athrú tagtha ar íomhá na Gaeilge le blianta beaga anuas, rud atá le sonrú go soiléir leis an oiread daoine a labhríonn agus a fhoghlaimíonn an teanga, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud na cruinne.

Is í an Ghaeilge teanga an phobail sna Gaeltachtaí, ach tá borradh faoin nGaeilge lasmuigh den Ghaeltacht freisin. De réir Dhaonáireamh 2006, tá Gaeilge ag 1.66 milliún duine i bPoblacht na hÉireann, agus maíonn os cionn 10.4% de dhaonra Thuaisceart na hÉireann go bhfuil eolas éigin acu ar an nGaeilge.

Comments on this entry are closed.