Cás Stáidear

Forbairt Gnó – Turasóireacht – Ionad Cois Locha

Ainm na Cuideachta
Déantar trádáil faoin ainm Ionad Cois Locha (Dunlewey Centre)

Comharchumann Forbartha Dhún Lúiche Teoranta
Togra Dhún Lúiche Teoranta

Suíomh
Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall

Deontas
Staidéar féidearthacht, taighde & forbairt, comhairleoireacht, oiliúint, deontais chaipitil

Dátaí
Leanúnach ó 1990 i leith

Tionscadal
Tá baile beag Dhún Lúiche, Co. Dhún na nGall suite idir dhá loch ag bun An Earagáil agus é ina áit fhíorálainn. Ina ainneoin sin, ní bhíodh d’aird ag daoine air go dtí le gairid ach mar bhealach aicearra. Bhreathnaíodh daoine ar an radharc, ach ní fhanaidís thar oíche. Sa bhliain 1988, bhunaigh muintir na háite comharchumann agus chuathas i mbun ionad turasóireacht a fhorbairt.

Le cabhair deontais chaipitil ón Údarás, cheannaigh an Comharchumann teach feirme. stairiúil ina raibh fíodóir ina chónaí blianta siar. Rinneadh iarsmalann “teach fíodóra” den ionad sin ar a dtugtar Ionad Cois Locha agus osclaíodh seomraí tae lena ais. Ó shin i leith, tá leathnú agus athrú déanta air agus is é croílár na turasóireachta i nDún Lúiche é i gcónaí.

Torthaí
San áit a mbíodh seomra beag tae i dtosach, tá bialann inar féidir freastal ar 180 duine anois. Tá forbairt déanta ar an tsiopa. Chomh maith leis sin, bíonn dhá bhád ag déanamh turais thart ar an loch. San áit nach mbíodh bonn turasóireachta ar bith, tagann líon measta 70,000 turasóir in aghaidh na bliana go hIonad Cois Locha anois. Cruthaíodh 30 post tábhachtach i gceantar ina mbíodh ráta dífhostaíochta an-ard. Deir Séamus Ó Gallachóir, bainisteoir gníomhach Ionad Cois Locha: “Is mór an difear a rinne an t-ionad sa cheantar. Sheas an tÚdarás linn ón tús.”

Léargas
Sa bhliain 2006, cheadaigh an tÚdarás agus Fáilte Éireann deontas d’Ionad Cois Locha chun halla éisteachta ilchuspóra a thógáil d’imeachtaí ealaíon, ceoil agus eile. Beidh spás do 400 duine sa halla éisteachta agus é ina splanc spreagtha cultúir eile sa cheantar seo a ndearnadh athbheochan air. Féach www.dunleweycentre.com

GA: Back to Listing