Cás Stáidear

Próiseáil Éisc i nDún na nGall

Ainm an Chomhlachta
Earagail Éisc Teoranta, Errigal Fish Company Ltd

Suíomh
Mí na hAoire, An Charraig, Co Dhún na nGall

Deontas
Taighde agus forbairt; deontais oiliúna agus trealaimh; deontais chaipitil

Dátaí
Tacaíocht leanúnach ó 1972

Tionscadal
Is comhlacht próiseáil éisc é Earagail Éisc Teo a ullmhaíonn maicréail, gúgáin agus scadáin do mhargaí domhanda, agus tá sé ar cheann de na comhlachtaí próiseáil portáin is mó san Eoraip. Díoltar na hearraí seo le tíortha Eorpacha, leis an gCóiré agus leis an tSeapáin, agus tá bonn custaiméirí tiomanta de níos mó ná daichead comhlacht bia i 26 tír ag an gcomhlacht.

Ó bunaíodh an comhlacht i 1972, tá caidreamh leanúnach aige le hÚdarás na Gaeltachta. Is mórscairshealbhóir den chomhlacht é an tÚdarás, a chuir cúnamh ar fáil i bhfoirm deontais oiliúna agus trealaimh, chomh maith le léas a íoc ar fhoirgneamh próiseáil shliogáin sa Charraig.

Torthaí
Tá an-áthas ar Aodh Ó Domhnaill, stiúrthóir bainistíochta Earagail Éisc Teo, le páirtíocht an Údaráis. Tá an pháirtíocht seo riachtanach do rath an chomhlachta, dar leis. Tá sé ag súil go leanfar leis an bpáirtíocht seo.

Ionchas
Leanfaidh Earagail Éisc Teo ag forbairt a dtáirgí lena bhfoireann acmhainne inmheánach, agus déanfaidh siad a margaí a leathnú. Féach www.errigalfish.com

Comhaid le hÍoslódáil nó Ceangaltáin
(déan cur síos anseo ar na comhaid le híoslódáil a bhaineann leis an mhír seo, nó déan tagairt d’uimhir agus d’ainm an chomhaid mar atá sa léarscáil suímh nó sa mhaitrís ábhair. Má tá an comhad le fáil ar an suíomh gréasáin reatha, breac síos an URL)

Tagairt d’ábhar eile atá bainteach leis an mhír? (déan liosta anseo den ábhar a gceapann sibh a mbeadh spéis ag an léitheoir ann – bain úsáid as uimhir an leathanaigh atá ar an léarscáil suímh nó sa mhaitrís ábhair)

Earagail Éisc Teo www.errigalfish.com

GA: Back to Listing