Cás Stáidear

Uisceadán an Daingin

Ainm an Chomhlachta
Mara Beo Teo, Dingle Oceanworld Aquarium.

Suíomh
An Choill, An Daingean, Co Chiarraí.

Deontas
Deontas féidearthachta, deontais chaipitil.

Dátaí
Tacaíocht leanúnach ó 1990.

Tionscadal
Tá Mara Beo Teo, nó Oceanworld, sa Daingean ar na huisceadáin is mó in Éirinn. Ar na háiseanna atá acu, tá umar siorc, umar capall mara, umar borrtha ina bhfuil bundúin leice agus sliogáin, umar sorcóireach ina bhfuil éisc theochreasa, umar Amasónach le cait mhara, le froganna nimhneacha agus le pioráiní marfacha, linn tadhall le gur féidir crosáin mhara agus roic a chuimilt, agus tollán mara ina mbíonn éisc ag snámh thart timpeall ort ar fad. Tagann 100,000 cuairteoir chuig Mara Beo Teo in aghaidh na bliana, agus tá sé ar cheann de na turais uisceadáin is críochnúla dá bhfuil ann.
Ba é an chéad chúnamh a thug an tÚdarás ná deontas féidearthachta i 1990, agus chuir siad tús leis an bhfoirgneamh – seanfhoirgneamh scoile – a athchóiriú ina uisceadán nua-aoiseach i 1994. Cheannaigh an tÚdarás scaireanna sa chomhlacht freisin. Osclaíodh an t-uisceadán in Aibreán 1996, agus cuireadh leis faoi thrí ó shin.

Torthaí
Deir Kevin Flannery, stiúrthóir rúnaí ar Mhara Beo: “Theastaigh uaim rud mar seo a dhéanamh le fada an lá. Is breá liom éisc áille aisteacha. Tháinig an tÚdarás chugainn sna 1990í agus thug siad cúnamh dúinn tús a chur leis an tionscnamh. Ba dhíol spéise sinn do thuarasóirí ón gcéad lá riamh, agus táimid ag dul ó neart go neart ó shin. Táimid tar éis an foirgneamh a cheannach ón Údarás anois.”

Ionchas
Faoi láthair, tá Mara Beo Teo i mbun fochuideachtaí a bhunú – gorlann éisc agus feirm oisrí. Beidh na cuideachtaí seo neamhspleách ar bhonn tráchtála de, agus tabharfaidh an tÚdarás cúnamh chun iad a fhorbairt. Féach www.dingle-oceanworld.ie

GA: Back to Listing