Údarás na Gaeltachta

Cruinniú leis an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha
Chas Príomhfheidhmeannach an Údaráis Pádraic Ó hAoláin agus Bainisteoir Réigiúnach an Deiscirt Éamonn Ó Neachtain le hArd Rúnaí na Roinne Cumarsáide, Mara agus  Acmhainní Nádúrtha Breandán Ó hEochaidh agus Leas Rúnaí na Roinne sin Cecil Beamish inniu le plé a dhéanamh ar cheistanna atá comónta don Roinn sin agus don Údarás sa Ghaeltacht.

Pléadh stáid an tsoláthar leathanbhanda sa Ghaeltacht, turasóireacht mara, seirbhísí agus forbairtí ag calafoirt Ros a’ Mhíl agus an Daingin, cás na n-iascairí áitiúla i gcomhthéacs athruithe polasaí atá tuartha don earnáil iascaireachta agus deiseanna comhpháirtíochta idir An Roinn, Bord Iascaigh Mhara agus An tÚdarás maidir le deiseanna fostaíochta agus ioncaim d’iascairí sna pobail chois chósta sa Ghaeltacht.

Beacáin Ré na nDoirí Teo., Mágh Chromtha, Co. Chorcaí.
Tuigtear d’Údarás na Gaeltachta go mbeidh tréimhse 6 seachtaine ann sula stopfaidh an comhlacht i mbun trádála. Faoi láthair tá 20 lánaimseartha ag obair sa chomhlacht. Beimíd ag súil go gcláróidh na fostaithe atá ag obair ann faoi láthair leis an Údarás má tá suim acu i ndeiseanna fostaíochta a bheadh ar fáil i gcomhlachtaí eile sa cheantar nó suim acu freastal ar chúrsaí oiliúna chun cur lena gcuid scileanna nó breathnú ar na roghanna éagsúla i dtaobh gnó nua a bhunú. Beidh Údarás na Gaeltachta ag obair le FAS agus na heagraís áitiúla eile chun gach cabhair agus comhairle a chur ar fáil do na daoine seo.

Tá obair leanúnach ar siúl ag Údarás na Gaeltachta tograí nua a fhorbairt sa cheantar chun fostaíocht bhreise a chruthú. Tá c.1 milliún euro infheistithe ag an Údarás ar an suíomh tionsclaíoch atá againn i Ré na nDoirí chun é a chur in oiriúint mar Eastáit Tionsclaíoch.

Faoi láthair táimíd ag cur fáilte roimh léirithe suime ó thionsclóirí agus lucht gnó an cheantair a mbeadh suim acu suíomhanna a cheannach chun gnó nua a fhorbairt ar an láthair seo i gcomhar leis an Údarás.

Tá cruinnithe ar siúl inniu le bainistíocht an chomhlachta.

Scéim Foghlama Fadsaoil
Tá scéim ag Rannóg Oiliúna agus Oideachais Údarás na Gaeltachta a chuireann tacaíocht airgid ar fáil do dhaoine aonarach nó do ghrúpaí a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht agus gur spéis leo tabhairt faoi chúrsa/chúrsaí éagsúla a chuireadh ar a gcumas scileanna nó oideachas breise a bhaint amach.  Braitheann an méid tacaíocht a bheadh ar fáil ar an gcineál cúrsa a bheadh i gceist agus ar chumas Gaeilge an iarratasóra. Go dtí seo tá tacaíocht tugtha do dhaoine a rinne cúrsaí oiliúna sna réimsí seo a leanas; cúram páistí, teicneoir cuntasaíochta, forbairt pobail, tiomáint innealra trom agus tumadóireacht, ach is féidir tacaíocht a fháil i réimse cúrsaí nó i gcúrsa áirithe a bheadh aitheanta agat féin.  Tá sé riachtanach go mbeadh aitheantas foirmeálta ag an gcúrsa.   Chun breis eolais a fháil, ba chóir do dhaoine nó do ghrúpaí gur spéis leo an scéim seo, teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Oiliúna agus Oideachais in Údarás na Gaeltachta ag an uimhir (091) 503121 nó ar ríomhphost ag eolas@udaras.ie nó dul ar an suíomh idirlíon www.udaras.ie.

Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta, Cill Charthaigh, Co. Dhún na Gall.
Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta in Áislann Chill Chárthaigh, Cill Chárthaigh, Co. Dhún na nGall ar an Aoine seo caite, 28 Iúil 2006.

Ag an chruinniú ceadaíodh tacaíocht do réimse leathan do thograí ina meastar go gcruthófar suas le 316 post ina iomlán,  ina measc tá:

1) Ionad Scrúduithe Teoranta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

Ceadaíodh tacaíocht airgeadais agus spás oibre don chomhlacht úr seo atá á chur ar bun chun an gnó tástála atá ar siúl ag Euro Iompú Teo. a chur ar bhonn aonarach agus a fhorbairt.  I measc na seirbhísí a bheidh á gcur ar fáil ag an chomhlacht beidh réamh-chigireacht ar fheithiclí roimh thástáil, an tástáil a dhearadh, tástáil ar shuíocháin d’fheithiclí agus cigireacht ar fheithiclí tar éis obair cheartúcháin a bheith déanta.

2) Dromchla Cumhacht Teo, Tuar Mhic Éadaigh

Ceadaíodh pacáiste tacaíochta a chur ar fáil a chabhródh chun comhlacht a fhorbairt i dTuar Mhic Éadaigh, le saineolas faoi leith i dtáirgí gabháil fuinneamh.  I measc na seirbhísí agus táirgí a chuirfidh Dromchla Cumhacht Teo ar fáil beidh seirbhís chomhairleoireachta maidir le gabháil fuinneamh nádúrtha agus fuinneamh ó fhoinsí éagsúla a bhainistiú agus a chomhnascadh, muilte beaga gaoithe, gineadóirí leictreachais, agus córas téamh uisce ag úsáid painéil gréine.

3) Teagmháil Acla Teo, Oileán Acla

Ceadaíodh pacáiste airgeadais a chabhródh leis an gcomhlacht cur leis an bhfostaíocht san ionad teagmhála idirnáisiúnta i nGob an Choire in Acaill.  Aontaíodh spás breise a chur in oiriúint don ghnó agus é a ligean ar léas leis an gcomhlacht.

4) Erris Homes Ltd., Béal an Mhuirthead

Ceadaíodh deontas caipitil don chomhlacht chun tacú leis na príomhaithe Ionad Scíthe agus Linn Snámha a fhorbairt mar chuid de Óstán nua “Broadhaven Bay Hotel”.

5) Comhar Chaomhán Teo., Inis Oírr

Ceadaíodh deontas caipitil a íoc chun cabhrú le Comhar Chaomhán Teo. inneall nua JCB a cheannach chun tabhairt faoi scéimeanna agus oibreacha tógála ar an oileán.

6) Meitheal Éisc Teoranta, Cill Chiaráin

Ceadaíodh deontas chaipitil don chomhlacht chun chabhrú leo trealamh feirmeoireachta éisc a cheannach chun cur leis an bhforbairt atá ar siúl acu i gCuan Chill Chiaráin.

7) Saotharlann Chonamara Teo., Ros Muc

Ceadaíodh pacáiste tacaíochta chun cuidiú leis an gcomhlacht forbairt a dhéanamh ar an saotharlann i Ros Muc agus ionad bheag a fhorbairt i nGaeltacht na hAchréidh.  Tá Saotharlann Chonamara Teo. ar cheann de na comhlachtaí seirbhísí saotharlainne is mó anois in Iarthar na hÉireann ag cur seirbhís ar fáil i dtástáil cheimiceach, tástáil microbiological agus ag cur seirbhísí oiliúna agus iniúchta ar fáil do chomhlachtaí chun a chinntiú go bhfuil a gcuid innealra, foirgnimh agus córais oibre ag cloí leis na caighdeáin atá leagtha síos.

Bia Faughan Teo., Ráth Chairn

Ceadaíodh pacáiste tacaíochta le cuidiú leis an gcomhlacht forbairt mhór a dhéanamh ar a ghnó próiseála bia i Ráth Chairn.  Tá i gceist cur amach agus láimhdeachas na comhlachta a mhéadú, táirgí a sholáthar do ghrúpaí móra miondíolacháin, tús a chur le heaspórtáil go dtí an Ríocht Aontaithe agus táirgí nua a fhorbairt.

9) Comharchumann Ráth Chairn Teo., Ráth Chairn

Ceadaíodh deontas staidéar féidearthachta le cuidiú leis an gComharchumann staidéar a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le leathnúchán a chur leis an ionad pobail i Ráth Chairn ina mbeadh áiseanna breise ar nós seomraí ranga, bialann, spás do lámhcheardaíocht/ealaíon, seomra lae don aosach agus bun seirbhísí eile.

10) Adhmad Chill na Martra Teo., Cill na Martra

Aontaíodh deontas caipitil a íoc chun cabhrú leis an gcomhlacht táirgíocht a mhéadú. Tá i gceist ag an gcomhlacht próiseas uathoibreach chun cuaillí a lomadh agus a thriomú a insealbhú chun freastal ar mhargadh méadaithe an chomhlachta do chuaillí adhmaid.

Scéimeanna Fostaíochta Pobail agus Sóisialta Tuaithe

Ag an chruinniú chomh maith ceadaíodh tacaíocht bhreise do na Scéimeanna Fostaíochta Pobail agus Sóisialta Tuaithe.   Ardaíodh an deontas caipitil a íoctar faoi dhó, ó €200 go €400 i leith gach rannpháirtí ar an scéim.   Íoctar an deontas caipitil i leith costais ábhair d’obair na scéime.  Tá 850 rannpháirtí páirteach sna scéimeanna atá á riaradh ag an Údarás, ag MFG agus ag eagrais fhorbartha pobail eile mar Clár LEADER Comhar Iorrais agus Comhdháil Oileáin na hÉireann.  Íoctar an liúntas i leith rannpháirtithe leis an heagrais sin faoi scéim an Údaráis.

Scéim Nua Fiontar Pobail
The Community Enterprise Scheme is a new scheme to assist  committees and community development organisations in the Gaeltacht to  undertake community enterprises.

For further information, click here.

To download application form, click here.

Bainisteoir Nua Cumarsáide agus Margaíochta ceaptha ag Údarás na Gaeltachta
Tá sé fógraithe ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil Siubhán Nic Grianna ceaptha mar Bhainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta.  Is as Rann na Feirste i nGaeltacht na Rosann i dTír Chonaill í Siubhán agus tá sí lonnaithe in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha.  Roimhe seo bhí sí fostaithe mar Fheidhmeannach Forbartha agus Turasóireachta in oifig réigiúnach Chonnacht-Laighin an Údarás agus chaith sí tréimhse dhá bhliain roimhe sin mar Feidhmeannach Margaíochta le fochuideachta turasóireachta an Údaráis, Imeachtaí GaelSaoire Teo.

Tá ceim B.A. sa Léann Eorpach aicí agus bhain sí céim mháistreachta amach sa Turasóireacht Idirnáisiúnta an bhliain seo caite in Ollscoil Luimnigh.

Tuairisc ar Iascaigh Shruthlíonta i gCorca Dhuibhne foilsithe ag Údarás na Gaeltachta
Foilsíodh inniu (18 Aibreán) an tuairisc a réitigh an comhlacht comhairleoireachta Mc Iver Consulting ar thionchar iascaigh shruthlíonta ar réigiún Chorca Dhuibhne. Is ar iarratas ó iascairí Bhaile na nGall a choimisiúnaigh Taighde Mara Teo. an tuarascáil seo. Rinne Mc Iver Consulting staidéar ar thionchar eacnamaíoch, sóisialta agus oidhreachta an iascaigh shruthlíonta bradán ar son Taighde Mara Teo., fo-chomhlacht de chuid an Údaráis.

Taispeánann an staidéar go raibh luach €610,000 ag na bradáin a maraíodh le linn 2005. Is é €15,600 meánluach an mharaithe de réir an cheadúnais. Is iad Iasc Uí Mhathúna Teo., De Brún Iasc Teo. agus Iasc Uí Chatháin Teo. na príomhchomhlachtaí próiseála atá gníomhach i bpróiseáil bradán sa réigiún. Cuireann na comhlachtaí seo fostaíocht ar fáil do beagnach céad duine agus cothaíonn an fhostaíocht seo ioncam bliantúil de thart ar €1.1 m don réigiún. Rinneadh próiseáil ar thart ar 16,000 bradán i 2005 agus thug sé seo ioncam thart ar €1.8 m ar tháirgí bradán do na próiseálaithe.

Is iad na príomh-chonclúidí atá sa tuairisc ná

•Cé nach cuid mhór de thionscal iascaigh na hÉireann é iascach sruthlíonta i gCorca Dhuibhne, tá sé suntasach sa chomhthéacs áitiúil agus tá tionchar díreach aige ar shlí bheatha na ndaoine sin páirteach san iascach. Tá tábhacht áirithe aige don tionscal próiseála iascaigh agus do na bialanna áitiúla ach níos lú tábhacht do thionscal na n-óstlanna.

•Níl aon cheist ach go bhfuil réimse fórsaí, laistigh agus lasmuigh den tír, ag oibriú chun deireadh a chur le hiascach sruthlíonta in Éirinn agus dá bharr seo gur dóichí go mbeidh laghdaithe leanúnacha i méid na gcuótaí sna blianta amach romhainn.

•Is ceist fíorthábhachtach í caomhnú stoc bradán san Aontas Eorpach agus in Éirinn, ach tá difríochtaí an-mhór ann maidir leis na slite chun déileáil leis an gceist sin.

•Is cuid shuntasach é iascach sruthlíonta bradán de theacht isteach an phobail iascaigh áitiúil agus má imíonn sin beidh tionchar mór aige ar na daoine sin atá ag braith ar an bhfarraige dá slí bheatha.

•D’fheadfadh sé gur bás fada fadálach de réir a chéile atá i ndán don tionscal iascaigh sa réigiúin. Sa chomhthéacs sin bheadh sé níos fearr gníomhú go dearfach anois chun réiteach a aimsiú in áit fanacht go dtí go mbíonn sé níos deacra an scéal a réiteach.

•D’aontódh formhór na ndaoine, laistigh agus lasmuigh den réigiúin, go bhfuil sé tábhachtach go mairfeadh cultúr agus slí mhaireachtála na háite. Dá bhrí sin tá gach seans go mbeadh tacaíocht forleathan ar fáil ó réimse leathan den phobal d’aon chéimeanna a chuideodh leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

Molann an tuairisc

•De bharr tábhacht an iascaigh do na hiascairí áitiúla ní mór d’Údarás na Gaeltachta, ainneoin go bhfuil freagracht reachtúil an Údaráis san earnáil seo teoranta, scrúdú a dhéanamh ar na deiseanna chun an acmhainn iascaigh beo bríomhar seo a fhorbairt mar fhoinse leanúnach ioncaim don cheantar Gaeltachta. Ni mór sin a dhéanamh i bpáirt le Fáilte Ireland, Bord Iascaigh Réigiúnach an Iardheiscirt agus Bord Iascaigh Mhara. San áireamh anseo bheadh soláthar tacaíochta don phobal áitiúil iascaigh chun cabhrú leo gníomhaíochtaí eacnamaíochta breise a fhorbairt bunaithe ar a gcuid scileanna agus taithí, agus ar úsáid na n-acmhainní atá ar fáil dóibh.

•Tá an deis ann tógáil ar thréithe uathúla na Gaeltachta agus ar thraidisiún iascaigh an réigiúin trí cjomharchumann turasóireachta iascaigh mhara a fhorbairt, áit a d’fhéadfaí ceadúnais a mhalartú ar son infheistíochta i dtionscnamh uathúil iascaigh mara, tionscnamh a d’fhéadfadh feidhmiú thar thréimhse roinnt mionna in áit an tséasúir iascaigh bradáin dhá mhí atá ann i láthair na huaire.

•Ní mór do gach gníomhaireacht Stáit tacú leis an gcás do chúiteamh cuí do na hiascairí sin atá sásta scaoileadh lena gceadúnas iascaigh sruthlíonta ionas gur féidir leo deiseanna infheistíochta a thapú i ngníomhaíochtaí mara agus eacnamaíochta eile.

•Sa chás go gcuirfear deireadh leis an réim ceadúnais reatha, nó go gcuirfí srian suntasach leis, ní mór do gach gníomhaireacht Stáit comhoibriú i rith na bliana reatha ar thionscnamh chun teacht ar mhalairt stoic éisc do na hiascairí.

•Ní mór d’Údarás na Gaeltachta oibriú i gcomhar le le gníomhaireachtaí eile  Stáit le fiosrú a dhéanamh ar na deiseanna chun saineolas agus scileanna iascairí a úsáid i ngníomhaíochtaí ar nós stocfheirmeoireacht bhradán. Chuideodh sin le leibhéil an stoic bhradáin a ardú, rud a chinnteodh leanúnachas na hacmhainne seo.

Taifead déanta ar shraith nua teilifíse do pháistí i Stiúideo Scannánaíochta i gConamara
Is i Studio Solas, stiúideo teilifíse agus scannánaíochta atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara a taifeadadh an tsraith nua teilifíse do pháistí. Craolfar an chéad chlár sa tsraith an tseachtain seo, ar ITV na bpáistí (11 Aibreán).

Is sraith siamsaíochta de thríocha clár é Annabels Kitchen, bunaithe ar chocaireacht le páistí agus is í Annabel Karmel, an saineolaí clúiteach idirnáisiúnta agus údar ar leabhair bhia agus ar chothú páistí, atá mar láithreoir. Agus iarracht á dhéanamh aici dul i ngleic leis na saincheisteanna a bhíonn ag páistí maidir le bia, múineann Annabel agus dhá phuipéad do na páistí faoi bhia agus cad a tharlaíonn sa chistin. Ba chomhléiriú idir Telegael, Future Films (UK) agus Baker Productions (UK) a bhí sa tsraith.

Tá an clár suite i gcistin ghalánta Annabel atá thuas in áiléar, agus a tógadh go speisialta i Studio Solas, áis inar féidir coincheap a fhorbairt agus a chuireann seirbhísí léirithe agus iarléirithe ar fáil do thionscadail scannánaíochta agus teilifíse. Tosaíodh ag léiriú na sraithe teilifíse, ina bhfuil 30 clár atá 11 nóiméad ar fhad, i mí Eanáir agus ghlac an taifeadadh, ar a raibh criú de 55, cúig seachtaine.

Dúirt John Brady, Príomhfheidhmeannach Studio Solas “bhíomar ríméadach nuair a tháinig Future Films chugainn leis an tsraith seo a léiriú. Cuireann Studio Solas i gcomhar le Telegael, láthair gnó ar fáil do thionscadail scannánaíochta agus teilifíse ó stáid an choincheapa go dtí an stáid iarléirithe. Cuireann Annabels Kitchen go mór lenár liosta de léiriúcháin idirnáisiúnta agus náisiúnta, ar a n-áirítear drámaíocht a bhuaigh duaiseanna, cláir fhaisnéise bheoghnímh agus príomhscannáin, iad go léir léirithe sa stiúideo anseo in Iarthar na hÉireann. Creidimid go láidir go n-osclóidh tionscadail mar seo an doras do léirithe comhchosúla eile le teacht chun taifid i gConamara”.

Is í Gaeltacht na Gaillimhe an bhunáit léirithe teilifíse is mó taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Dúirt Seán Ó Labhraí, Príomhfheidhmeannach Gníomhach Údarás na Gaeltachta, a thacaigh le forbairt na hearnála seo i gConamara go bhfuil “an earnáil chlosamhairc agus léirithe teilifíse atá bunaithe sa Ghaeltacht ag cur níos mó agus níos mó le heacnamaíocht na hÉireann, ag soláthar deiseanna iontacha fáis sna margaí easpórtála agus tá sé mar fhostóir tábhachtach ag cur 350 post lán-aimseartha ar fáil sa Ghaeltacht. Tá an leibhéal forbartha, an caighdeán ard scileanna agus an taithí atá bainte amach san earnáil seo i gConamara, a d’fhás ar dtús mar thoradh ar bhunú TG4, ag cabhrú leis na comhlachtaí iad féin a chur i lár an mhargaidh agus ag ligean dóibh dul in iomaíocht go héifeachtach sa mhargadh léirithe meán domhanda.

Críoch

Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí inniu (8 Aibreán) pléadh na céimeanna atá á nglacadh ag an Bhord agus ag an eagraíocht chun a threisiú ar an Rialtas an tábhacht atá le cúramaí fiontraíochta a fhágáil ag an Údarás chun fostaíocht a chur chun cinn sa Ghaeltacht.

Thug Cathaoirleach an Údaráis, Liam Ó Cuinneagáin le fios gur chas sé féin agus an Príomhfheidhmeannach, Seán Ó Labhraí, le Aire Stáit na Roinne Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., le riachtanais an Údaráis ó thaobh cruthú fostaíochta a léiriú agus cóip de thuarascáil eacnamaíochta INDECON a bhronnadh air.

Léiríonn an tuarascáil, a rinne na comhairleoirí idirnáisiúnta eacnamaíochta INDECON, an tionchar suntasach atá ag cliant-chomhlachtaí an Údaráis ar eacnamaíocht na tíre, ina measc:

os cionn 7,000 duine fostaithe go lánaimseartha;

€734m ranníocaíochtaí i ndíolacháin chuig eacnamaíocht na tíre;

€197.6m ranníoctha chuig eacnamaíocht na tíre i bpárolla;

€42.2m aisíoctha i gcáin chuig an Státchiste go bliantúil.

Thug an tAire Mac Fhionnlaoich le fios go raibh sé chun staidéar a dhéanamh ar an eolas a cuireadh ina láthair agus go mbeadh sé ag casadh le Bord an Údaráis i mí Meitheamh le tuilleadh plé a dhéanamh ar an ábhar.

Críoch

Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha ar an Aoine 24 Márta:

•ceadaíodh maoiniú de €4.75m do Saoi Teo. chun cláir éagsúla oiliúna agus oideachais an Údaráis a mhaoiniú don bhliain 2006. San áireamh iontu seo tá: An Scéim Forbartha Printíseachta, An Scéim Forbartha Bainistíochta, Ollscolaíocht trí Ghaeilge, An Clár Foghlama Fadsaoil agus An Clár Scoile.

•ceadaíodh maoiniú de €450,00  do Ealaín na Gaeltachta Teo. chun cur ar a gcumas leanúint lena gclár i bhforbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht i gcomhpháirtíocht leis An Chomhairle Ealaíon.

•ceadaíodh pacáiste cúnaimh do Mhuintearas na nOileán i dTír an Fhia chun clár oiliúna nua, a luíonn le clár Náisiúnta FÁS “Céim Amháin Suas” a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht don tréimhse 2006/2007. Tá sé mar sprioc ag an chlár seo breis oideachais, cáilíochtaí breise, agus scileanna breise a chur ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe, fostaithe nó ar scéimeanna FÁS. Tá sé i gceist ag Muintearas na cúrsaí seo a leanas a eagrú: Clár Oiliúna i bhFiontraíocht do dhaoine féinfhostaithe; Cúrsa Céime i Scríobh Ilmheáin; Margaíocht Leictreonach don Tionscal Failteachais; Clár Oiliúna Scileanna Cumarsáide do Bhainisteoirí agus Cinnirí; Oiliúint Áisitheoirí maidir le Riachtanaisí Speisialta.

•aontaíodh soláthar airgid a cheadú chun an réamhobair phleanála, na léaráidí cuí a ullmhú agus cead pleanála a lorg d’fhorbairt suíomh an Údaráis ag Baile an Fheirtéaraigh Thiar mar Lárionad Forbartha agus Oiliúna.

•cuireadh in iúl don chruinniú go bhfuil €2.1m ar fáil i gcomhar deontar reachtála do chomharchumainn/comhlachtaí pobalbhunaithe don bhliain seo. Tá treoir tugtha do na comharchumainn go bhfuiltear ag iarraidh orthu díriú isteach ar na hearnálacha seo a leanas don bhliain reatha: forbairt pobail; forbairt na Gaeilge; forbairt turasóireachta agus forbairt fuinnimh.

•ceadaíodh soláthar airgid do Arramara Teo. i gCill Chiaráin chun cur ar a gcumas clár forbartha caipitil a chur i bhfeidhm.

•ceadaíodh deontas taighde & forbartha do Bhard na nGleann Teo. i mBéal Átha an Ghaorthaidh chun cur ar a gcumas clár taighde  agus forbartha a chur i gcrích chun seirbhís/táirge nua a fhorbairt.

•ceadaíodh deontas staidéar féidearthachta don chomhlacht Jedcoe Teo. chun cur ar a gcumas staidéar a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le togra déantús sorn millíní adhmaid a chur ar bun in iarmhonarcha Maysteel in Indreabhán.